Stair Bhéal Feirste: ‘Stair a mhúnlaigh mo mhuintir’ - Séamus Ó Tuama
Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin. Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an Ghorta Mhóir, tríd na pogroms le linn na 1920ídí, agus na Trioblóidí a lean, go dtí Séamus agus a hathair Diarmuid agus an ról a bhí acu i réabhlóid na Gaeilge sa chathair. Bhí an-aithne ag Gaeil Bhéal Feirste ar mhuintir Uí Thuama, go háirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar Seachtain, labhraíonn Séamus Ó Tuama faoina leabhar úr ‘Béal Feirste: Belfast’ agus faoin saol sa chathair a mhúnlaigh a mhuintir. Cé gur scéal é atá lán de choimhlint agus de thráma thar na glúnta, feiceann Séamus toradh dearfach sa lá atá inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultúrtha agus teanga atá ag bláthú i mBéal Feirste. Foclóir: Dornán de pháistí: A handful of children Obair dheonach: Voluntary work Tiomsú airgid: Fundraising Cinnteacht: Certainty D’fhág sé a lorg: He left his mark Leac uaighe: Gravestone Borb: Abrupt Fréamhaithe: Rooted Do shinsir: Your ancestors Cartlann mhíleata: Military archives Críochdheighilt: Partition A shin-seanathair: His great-grandfather Ceannaire: Leader Dearfach: Positive Saorstát: Free state Scoilt: Divide Creatlach: Framework Bearna: A gap Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.
Facts Only
* Séamus Ó Tuama wrote a book titled 'Béal Feirste: Belfast'.
* The book contains the story of Uí Thuama and the experiences of those living in the area.
* The claimants descended from families in Corcaíoch who survived the Great Hunger and the 1920s pogroms and the Troubles.
* Séamus Ó Tuama and his father Diarmuid played a role in the promotion of the Irish language in Belfast.
* Diarmuid worked as a teacher at the Belfast Rural School, which was the first Irish-medium school in Ulster.
* Séamus Ó Tuama reflects on the cultural and linguistic landscape of Belfast in the book.
Executive Summary
Full Take
Sentinel — Human
The text reads like a dense piece of historical or literary commentary heavily infused with specific cultural details, exhibiting human-like stylistic variance despite its complexity.
